17 July: Kevin Scannell -- October 31, =?utf-8?Q?20?=

Dublin Computational Linguistics Research Seminar: Index of July 2012 | Dublin Computational Linguistics Research Seminar - Index of year: 2012 | Full index


AN ROTH - CUMANN NA NINNEALTÓIRÍ
Engineers Ireland

Léacht phoiblí

“I dTreo Logánú Ríomhaireachta Lán-Ghaeilge”
Fully Localized Computing in Irish

le Kevin Scannell,
Ollamh le Matamaitic agus Ríomhaireacht,
Ollscoil San Louis, Missouri

Sa lá atá inniu, baineann feidhmchláir phróiseála teanga an-úsáid as
staitisticí agus as teicnící ón meaisínfhoghlaim.  Mar shampla, sa
réimse ríomhaistriúcháin, "foghlaimíonn" feidhmchláir cosúil le Google
Translate conas is féidir aistriúchán a dhéanamh idir dhá theanga trí
staitisticí a bhailiú ó bhunachair sonraí ina bhfuil go leor téacsanna
dátheangacha ailínithe.   Leis an mborradh mór faoin Ghaeilge agus
faoi theangacha mionlaigh eile ar an nGréasán le blianta anuas, tá sé
níos éasca cur chuige staitisticiúil a úsáid le réimse níos leithne
teangacha.

Sa léacht seo, pléifidh Kevin Scannell an dul chun cinn i dtreo córas
ríomhaireachta lán-Ghaeilge: córas oibriúcháin, bainisteoir fuinneog,
feidhmchláir, ríomhchluichí, uirlisí profála, agus mar sin de.
Cuirfidh sé cás-staidéar áirithe i láthair a thaispeánann cuid de na
constaicí a thagann chun cinn san obair seo, agus conas is féidir
cúpla smaoineamh an-simplí ón staitistic a úsáid chun na constaicí seo
a shárú.

» Láthair: 22 Br. Cluaidhe, Baile Átha Cliath 4
» Am: Dé Céadaoin, 31 Deireadh Fómhair 2012, 19:30

Most modern language processing applications make heavy use of
statistics and techniques from machine learning.  For example, in the
field of machine translation, programs like Google Translate "learn"
how to translate between languages by gathering statistics from huge
databases of aligned, bilingual text.   As small languages like Irish
have expanded their presence on the web in recent years, statistical
approaches like these have become more realistic for a wider range of
languages.

In this lecture, Kevin Scannell will discuss the progress that has
been made toward the goal of a fully-localized computing environment
in Irish: operating system, window manager, applications, games,
proofing tools, etc.   He will present a particular case study
illustrating some of the obstacles that arise in trying to achieve
this goal, and how one or two simple ideas from statistics can help
overcome these obstacles.

» Venue: 22 Clyde Road, Dublin 4
» Time: Wednesday, 31 October 2012, 19:30

» An t-Aoichainteoir: Kevin Scannell,
Ollamh le Matamaic agus le Ríomhaireacht,
Ollscoil San Louis, Missouri

Is ollamh le matamaitic agus ríomheolaíocht in Ollscoil San Louis,
Missouri é Kevin Scannell. Tá cuid mhór taighde déanta aige ar chúrsaí
ríomhtheangeolaíochta i mionteangacha éagsúla agus sa Ghaeilge go
háirithe; tá litreoir, gramadóir, agus teasáras leictreonach forbartha
aige, agus is é atá i gceannas ar an bhfoireann a chuir Gaeilge ar
roinnt bogearraí mór-le-rá, mar shampla Firefox agus
OpenOffice. Chaith sé an bhliain seo caite mar fhostaí de chuid
Twitter, ag iarraidh tacaíocht níos fearr a thabhairt do
mhionteangacha ar an ardán sin.

» Speaker: Kevin Scannel,
Professor of Mathematics and Computer Science,
University of St Louis, Missouri

Kevin Scannell is Professor of Mathematics and Computer Science at
Saint Louis University in Missouri.  His research focuses on
computational linguistics as applied to minority languages, especially
Irish; he has developed a spell checker, grammar checker, and
electronic thesaurus for Irish, and manages the team that translates
some well-known open source applications such as Firefox and
OpenOffice.  He spent the past year on sabbatical working with Twitter
to help provide better support for small languages on that platform.

Treoracha/Directions:
http://www.engineersireland.ie/about-us/contact/where-we-are/

Fáilte roimh chách.

Dublin Computational Linguistics Research Seminar - Index of July 2012 | Index of year: 2012 | Full index